Voter pour Coinleach Glas An Fhromhair :
Voter pour Coinleach Glas An Fhromhair :
I.
Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail.
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail.
II.
Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn.
III.
Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn.
IV.
Chuir mé leitir scríobhtha
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh.
Cum na h-eala is míne
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna ghním-se
Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi.
V.
'Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit.
A stóirín glac mo chomhairle
'S a' foghmhar seo fan mar tá
'S cha leigim le 'bhfuil beo thú
A stór nó 's tú mo ghrádh.
- Crann Ull - 3 vue(s)
- Many Roads - 0 vue(s)
- Why Worry - 1 vue(s)
- BY CHANCE IT WAS - 2 vue(s)
- An Toilean Ur - 6 vue(s)
- Dobhar - 18 vue(s)
- Poison Glen - 5 vue(s)
- Stepping Stone - 4 vue(s)
- Chuaigh Me Na Rosann - 4 vue(s)
- Sunset Dreams - 3 vue(s)
- Bruach Na Carriage Baine - 4 vue(s)
- Buachaill On Eirne (Boy from Ireland) - 3 vue(s)
- La Brea Fan Dtuath - 17 vue(s)
- Turning Tide - 4 vue(s)
- Poison Glen, The - 5 vue(s)
- Mo Mhaire - 4 vue(s)
- In A Lifetime - 4 vue(s)
- Gaoth Barra Na Dtonn - 15 vue(s)
- Gathering Mushrooms - 3 vue(s)
- Love And Affection - 3 vue(s)